MySpace


Kay



Last Updated: 3/23/2007

Send Message
Instant Message
Email to a Friend
Subscribe

Gender: Female
Status: Married
Age: 60
Sign: Leo

State: Dublin
Country: IE
Signup Date: 12/17/2006

Blog Archive
[Older      Newer]
 /  / 
Monday, March 05, 2007 
Nuair a bhí mé an-óg, bhíodh m'athair as baile go minic sin mar a bhí sé sna laethanta sin. Uaireanta ní fhacamar é le fada agus ansin lá éigin gan choinne bheadh sé ann agus aon uair go raibh mo Dhaid sa bhaile bhíomar go léir sona.

Thaitin sé go mór liom nuair a bhí mé ar scoil aistí agus scéalta beaga a scríobh agus d'iarr m'athair orm cóip a scríobh dó, i dtreo is go mbeadh sé in ann iad a léamh agus é i bhfad ó bhaile. Chuir sé gliondar croí orm a bheith ag scríobh dó. Dé Satharn ag Gradam na mblaganna bhí mé ag smaoineamh air, go háirithe ós rud é gurbh ar an lá sin bliain is fiche ó shoin a chailleamar é. Bhraith mé go raibh sé liom ag an ócáid mhór sin agus cé nár bhuaigh mé aon gradam bhí mé go sona sásta agus bhain mé an-taitneamh as an oíche. Táim ag scríobh i gcóir m'athair fós. Déanaim iarracht rud a scríobh a thaitneodh leis. Duine é a raibh an tuiscint aige den ghreann is den spóirt. Fear uasal é. Braithim uaim go mór é.

An rud is mó a thaitin liom ag bronnadh na ngradam ná gur chaith mé an óiche go léir gan mórán Béarla a labhairt. Bhí go leor daoine ann le Gaeilge. Fuaireamar fáilte iontach nuair a labhair an "Young Wan" linn as Gaeilge ag an mbinse fáilte. Bean óg álainn atá inti, chuir sí gliondar chroí orm a bheith ag caint léi. Bhí sé deas bualadh le Conn Ó Muineachán mar táimid inár gcairde le fada anois ar líne agus le Pádraig "an saol", duine óg iontach le blag bríomhar spleodrach suimiúil. Labhair mé le "ach go háirithe" mar bhí sé taobh liom i gcóir an phictiúir.

Táim ag súil leis an lá go mbeadh blag as Gaeilge mar buaiteoir agus táim cinnte go dtarlóidh sé sara fada mar tá blagadóirí cumasacha againne gan aon agó.
Friday, March 02, 2007 

Current mood:  happy
Bhí físeán á thaispeáint inniu agus cé go raibh ról lárnach agam ann ní fhaca mé faic de. Thug mé cead dóibh an fhíseán seo a thógaint -níor rith sé liom aon cheart a choinneáil chugam féin mar gheall ar thaispeáint an fhíseáin ach oiread. Seó aonarach a bhí ann gan éinne eile ann ach mé féin. Thug mé cead mar bhí bagairt beatha i gceist ar shlí agus ní raibh aon dul as agam.

Ní dóigh liom go mbeidh dúil ag éinne san fhíseán seo ná go mbeidh oscar ag dul dom mar gheall ar m'iarracht.

Cúrsaí inmheánach a bhí mar ábhar dó agus ceann nár lean níos mó ná fiche nóiméad a bhí á dhéanamh. Chuaigh sé isteach i ndomhan na scáthannna, domhan faoi cheilt, domhan atá lán de rudaí a d'fhéadfadh a bheith mailíseach.

Is minic a thiteann mo chodladh orm agus scánnán dá leithéid ar an dteilifís. Tuigfear dom táim cinnte. Aon duine a tháinig abhaile tár éis lá san oifig agus leath lá ag comaitéireacht beidh fhios acu cad a tharlaíonn. Cé go mbíonn an-shuim acu sa chlár agus réidh le féachaint air, titeann codladh orainn agus nuair a dhúisítear arís bíonn gach rud thart.

Inniu rinneadh ionscópacht orm agus ní bhfuarthas aon rud ann le bheith buartha faoi. Anois is féidir liom dul amach oíche amárach go gradam na mbloganna agus más rud é nach mbeidh an bua agam ní bheidh aon díomá orm mar fuair mé dea-scéal inniu agus tá cúis ceiliúrtha agam cheana féin. Moladh go Deo le Dia.
Saturday, February 24, 2007 

Current mood:  excited
Tá sceitimíní orm toisc gur vótáil sibh don bhlag seo san





Go raibh maith agaibh do gach duine a vótáil, go háirithe do Phádraig, Lynn agus a gcairde go léir a rinne stocaireacht dom. Féach ar seo!





Mo cheol sibh!
Wednesday, February 21, 2007 
Bhí fear óg ina shuí in aice liom ar an mbealach abhaile aréir ar an 46A. Ba dhea-bhéasach an duine é. Meiriceánach a bhí ann. Nuair a shroiseamar an t-ionad siopadóireachta i Stigh Lorcáin thuirling seisean ón mbus,ach d'fhan cuid den ghrúpa daoine a bhí leis ar an mbus. Tuismitheoirí an fhir óig ab ea iad. Nuair a chuala mé iad ag cur ceist ar an dtiománaí faoin stad ag Baker's Corner, bhí fhios agam go mbeidh siad ar an mbus in éineacht liom don chuid eile den aistear. Thosnaigh mé ag caint leo agus d'inis an bhean dom faoina mhac. Bhí sé san airm agus tháinig sí féin is a athair go hÉireann chun bualadh leis anseo in Éirinn mar bhí sé ar a bhealach go dtí an Íaráic. Bhí na daoine seo ag fanacht le gaolta leo i nDún Laoghaire.

Go dtí inniu ba chogadh i bhfad i gcéin an cogadh san Íaráic, rud nach raibh bainteach liom i mo shaol laethúil ar chor ar bith. Anois táim tar éis teagmháil a dhéanamh le duine amháin atá ag dul chuig an láthair chogaidh sin agus tá mo chroí trom agus ní féidir liom gan deora a shileadh mar mháthair mhic nach bhfuil ach 24 bliana d'aois, agus é ar aon aois leis an saighdiúir óg.

Go dté an saighdiúir neamhaithnid seo slán agus go dtaga sé slán abhaile chuig a thuismitheoirí. Go dtaga an tsíocháin go luath.
Tuesday, February 20, 2007 

Current mood:  calm
Bhíos ag caint inné mar gheall ar an t-inneall níocháin agus conas mar a chlis sé orm ach is i ndonas atá an scéal ag dul mar cad a tharla inniu ach gur bhuail an galar céanna carr fhear an tí agus féach gur thóg sé leis mo charr féin, nó an cóir a rá gur thóg an carr uaim é ar maidin. Sé bun agus barr an scéil áfach go bhfuilim anois gan inneall níocháin agus gan carr fiú, bhuel tá siad ann ar aon chuma ach níl aon tairbhe domsa iad a bheith ann. Beidh mé gan carr amárach freisin.

Ach táim tar éis an níochán a dhéanamh de lámh agus creidim go raibh sé sin níos fearr na uair ag déanamh gleacaíochta, ní gá dom a bheith buartha faoi mo mheáchain in aon chor anois.

Cad a tharlóidh amárach? Cá fios dúinn? Táim ag imeacht anois chun mo phaidreacha a rá ar eagla na heagla.
Wednesday, January 31, 2007 

Current mood:  bouncy
An I-Tiúb

Cad tá i gceist agam anois ó thalamh an domhain? Bhuel chum mé féin an téarma seo, ní dóigh liom go bhfuil sé ann fós. Is maith liom é mar téarma. Tá sé níos éasca a rá go raibh mé san I-tiúb ná a rá go raibh scanadh íomháú athshondais mhaighnéadaigh ( scanadh MRI) á dhéanamh orm san ospidéal le déanaí.

Bhí mé go mór trína chéile mar gheall air. Bhí sé le bheith ar siúl roimh Nollaig ach níor tháinig an coinne agus bhí díomá an domhain orm. Bhí mé chomh mór sin trína chéile nach raibh fonn orm cartaí a chur nó cuairteanna a dhéanamh ám Nollag. Bhí gach cineál scrúdú orm roimh sin idir scrúduithe fola agus ultra scannadh agus scanadh tomagrafaíoch aiseach ríomhairithe ( scanadh CAT).

Nuair a bhí an scanadh CAT agam cheap mé go raibh sé cosúil le dul tríd mionta Polo ollmhór. Bhí an I- Tiúb cosúil le dul tríd an paicéad iomlán pholo mints, tríd toit mór bán. Cuireadh cluasáin orm agus bhí mé in ann caint leis na daoine agus éisteach leo ag caint liom, bhí ceol álainn iodálach á sheinnt freisin, ceol deas suaimhneach. Ní raibh le déanamh agam ach análú isteach, agus análú amach agus fanúint socair. Tógadh pictiúiri de mo thaobh istigh ach ní dóigh liom go mbeidh siad ar líne:-) B'shin é.

Má tá scanadh MRI le bheith agatsa ná bí buartha faoi. Táim beo fós. Bímis ag ceiliúradh.
Monday, January 29, 2007 
Bhí sé ar an dteilifís aréir,( nó ar an jellyfish mar adeir lucht an Bhéarla), an clár "No Béarla", clár a thaitníonn go mór liom ó thaobh spóirt is spraoi. Ach aréir do chuaigh sé chomh mó r sin i gcion orm go raibh sé ag teacht idir mise agus codladh na hoíche. An é gur thit mo chodladh orm sa deireadh cá bhfios dom? Níl fhios agam an ag brionglóid a bhí mé nó nach raibh, ach creid nó ná creid b'shin é an fear c.é anna .. os cionn uaigh Pheig agus é ag léamh amach an chéad líne den leabhair cáiliúil úd...... Ach ná r chuala mé guth Pheig agus í ag labhairt le Manchán. "Tuigim do chás" ar sise leis. Tá daoine ag maslú do chlár teilifí se, daoine nach bhfaca riamh é agus nach mbeadh sá sta riamh féachaint air. Ní léann mórán daoine do chuid leabhair ach oiread, bhí an port chéanna á sheinnt cupla bliain ó shoin ag Tomás Mac Síomóin leis. Mo thrua sibh. "An gearán atá agam féin" arsa Peig agus an-bhrón ina guth "ná nach lóann daoine mo leabhar ach oiread". Chonaic mé an bheirt go soiléir agus iad le chéile, Peig ag tabhairt barróg do Mhanchán, agus na deora ag sileadh ó na súl, ach ansin do thit ceo tiubh ar fud na háite agus d'imigh an bheirt uaim.


Cuimhním ar na focail lenar chuir Peig crí och lena leabhar. Seo daoibh iad.


"Beannacht leat, a scríbhinn,
Is beannacht ó m'chroí ar lucht do léite,
Rath agus séan ar ár dtírín,
Is go gcabhraí Dia le lucht a saortha!

An Blascaod Mór, 1935
Thursday, January 25, 2007 

Current mood:  contemplative
Seo paidir bheag a deirim go rialta.

A Mhuire na ngrás
A Mháthair mhic Dé
Go gcuire tú ar mo leas mé
Go sábhála tú mé ó gach uile olc
Go sábhála tú mé idir anam is corp
Go sábhála tú mé ar muir is ar tír
Go sábhála tú mé ar leach na bpian
Garda na n-aingeal os mo chionn
Dia romham agus Dia liom.

Déanfaidh mé iarracht é a rá gach lá amach as seo ar son mo chairde atá ar "leach na bpian" faoi láthair. Go háirithe máthair Shéamais, Seán agus Stiofán, níl aithne agam ar Stiofán mar níor bhuail mé leis go fóill ach ós cara le cara é tá sé i mo phaidreacha.
Monday, January 22, 2007 
Bhíos ag caint mar gheall ar an inneall níocháin an tseachtain seo chaite, bhuel tá tuilleadh le rá agam faoi anois. Bhí an teaghlach go léir ag cíoradh an scéil agus sa deireadh shocraíomar gur mba chóir glaoch a chur ar an meicneoir. Fear uasal atá ann, Paddy Banks is ainm dó, creid nó ná creid. Níor lig an fear seo síos mé riamh agus murab ionann agus daoine eile a gheall dom go mbeidh siad chugam ar lá áirithe ag am áirithe ba dhuine fiúntach é Paddy agus nuair a dúirt Paddy go raibh sé ag teacht ag a trí a chlog Dé Luain tháinig sé ag a trí a chlog Dé Luain. Ach an tuairim a bhí ag Paddy ná go raibh a lá rite ag an sean inneall agus go mba chóir an rud ná fáil réidh leis anois, d'fhéadfadh sé é a dheisiú ach chosnódh sé an iomarca agus cheap Paddy go mb'fhearr domsa an t-airgead a infheistiú i gceann nua.

Chun scéal fada a dhéanamh gearr chuamar amach agus cheannaíomar inneall níocháin breá nua agus nuair a bhíomar sa siopa ós rud é go raibh margadh mór ar siúl agus teilifíseanna breátha á ndíol ar phraghas an-íseal ar fad, ligeadh i gcáthú muid agus cheannaíomar ceann díobh siúd chomh maith.

Is iontach an gléas ar fad t-inneall níocháin nua. Tá cláir iontacha ann le haghaidh gach saghas éadach. Chuir mé ar siúl é tar éis staidéar chúramach a dhéanamh ar an lámhleabhar. Ní bheidh mé i mo sclábhai a thuilleadh mar níonn an áis iontach seo geansaithe agus stocaí as olann chomh maith le rudaí so-stróicthe.

Ach fós bhí deoir i mo shúil agus mé ag fágáil slán leis mo shean cara agus é istigh sa vean ar a bhealach chuig an ionad athchúrsála. Mar is iomaí nóta airgid deas glan a thit amach ó phócaí agus mé ag crocadh bríste ar líne sa ghairdín, ní raibh mé bocht riamh a bhuí le mo sheanchara seo. Tá súil agam go mbeidh saol nua iontach aige anois, sé mo ghuí go mbeidh sé mar chuid d'eitleáin agus é saor chun an domhan mór a thaisteal.
Sunday, January 21, 2007 

Current mood:  thankful
Bhí sé stoirmiúil ach ní raibh sé ró-olc. Bhíomar le chéile mise, é féin agus ár mac is oíge. Bhíomar ar thuras ó thuaidh, cuairt abhaile le bheith le Brian don Aifreann chun bás Katty a chomóradh rud a dhéanaimid gach bliain ó d'imigh sí uainn. Bhí an droichead nua i nDroichead Átha trasnaithe againn. Is aoibhinn liom an droichead sin, tá mo bhaile dúchais níos giorra anois dá bharr. Bhí ceol deas ar an raidió agus bhí gach rud go deas.

Ach d'imigh an síocháin is an suaimhneas. Bhí clocha sneacht ag bualadh anuas ar an gcarr beag ar nós na mílte buille ó na mílte casúr, Bhí gach rud bán, bhí gile ann, gile nach bhfaca mé riamh i mo shaol agus amach ós ár gcomhair bhí radharc scanrúil, d'imigh carr as smacht díreach amach uainn, bhí sé ag dul ó thaobh go taobh an bhóthair ar nós urchar as gunna ollmhór. Bhí an bóthar clúdaithe le liathróidí beaga bána bhí an t-aer beo leo. D'imigh ár gcarr ar aghaidh, Dúirt Micheál ina dhiaidh go raibh eagla air na coscáin a bhrú, go mbeimís sa riocht chéanna leis na daoine nó an duine sá charr eile, bhí an carr ar thaobh clé an bhóthair anois agus sinne ag dul thart air agus díreach ag an nóiméad sin amhail is gur tháinig aingeal coimhdeacha idir sinne agus é stad sé, d'imíomar ar aghaidh, ag féachaint siar chonaic mé gur stad na carranna eile a bhí ag teacht inár ndiaidh. Bhí an fón póca i mo lámh bhí mé ag iarraidh na séirbhísí eigeandála a ghlaoch ach níor fhéad mé, ní raibh mé in ann méar a bhogadh, bhíomar tamaill ón charr eile anois. Cad a dhéanaimís? Chuamar ar aghaidh ní rabhamar in ann aon rud eile a dhéanamh ní féidir tiomáint siar ar mótarbhealach. Soicind amháin a bhí idir sin agus ár scriosadh. Soicind amháin eile agus.....

Bhí an t-Aifreann go hálainn an oíche sin, bhíomar buíoch do Dhia go rabhamar ann, go rabhamar fós beo. Tháinig deireadh le seachtain a bhí dian agus crua orainn ar a lán bhealaí. Ach mhaireamar tríd agus ní bhfuair éinne bás. Sin cúis ceiliúrtha. Moladh le Dia.